Image result for oysterhaven activity centre

Turas go Oysterhaven

Bhailíomar le chéile ag doras tosaigh na scoile ar a ceathrú chun a naoi. Bhí mé i gCuan Oisre uair amháin nuair a bhí mé sa bhunscoil mar sin bhí mé ag tnúth go mór leis an lá. Chaith mé an turas ag caint, ag comhrá is ag caibidil le mo chairde, ag éisteacht le ceol agus ag canadh, creid é nó ná creid.

Thuirlingíomar den bhus agus bhuaileamar leis na teagascóirí. Thaispeáin siad dúinn cá raibh na seomraí feisti agus na leithris agus labhair siad linn faoi na treoracha sábháilteachta. Roinneadh isteach i ngrúpa sinn agus thug sé sin deis dúinn aithne níos fearr a chur ar dhaoine eile sa bhliain.

Chaith mo ghrúpa an mhaidin ag déanamh na gníomhaíochtaí talún agus chaitheamar an tráthnóna ag déanamh na ngníomhaíochtaí uisce. D’imríomar cluichí foirne agus chuamar ag treodóireacht agus ag obair le chéile. Rinneamar bacrás freisin agus bhí mé sáite sa láib mar bhí an bealach an-láibeach.

Bhíomar stiúgtha leis an ocras mar sin d’itheamar ár lón. Bhí sceallóga ar díol sa chaifé agus bhí siad an-bhlasta. Tar éis an lóin chuir mé culaith fhliuch orm agus thum mé isteach san uisce. Chuamar ag cadhcáil. Bhí an t-uisce an-fhuar, bhí mé préachta leis an bhfuacht. Bhí an fuacht i mo chnámha fós agus mé ag filleadh abhaile agus sin í an fhírinne ghlan!

Ní raibh gíog ná míog ó éinne ar an mbus mar bhíomar tuirseach traochta amach is amach. Ghabh mé buíochas ó chroí leis na múinteoirí agus ní gá dom a rá gur bhain mé taitneamh as an lá.

Le Ciara Mac Eoin